Tá Oifigigh Chléireachais atá líofa sa Ghaeilge á n-earcú anois ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus ag Oifig an Choimisinéara Teanga dá n-oifigí i nGaillimh. Is ról bunleibhéil sa Státseirbhís é an ról mar Oifigeach Cléireachais.
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta forbairt tuaithe agus pobail agus an Ghaeilge chun cinn. Tugann sí tacaíocht do phobail bhríomhara, ionchuimsitheacha, inbhuanaithe ar fud na hÉireann agus é mar phríomhchúram uirthi acmhainneacht phobail agus imeascadh sóisialta a neartú agus pobail a chumasú chun dul i ngleic le dúshláin atá rompu faoi láthair agus a bheidh rompu amach anseo.
Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht chomhlíonta maidir le seirbhísí stáit trí Ghaeilge agus leagann sí béim ar chearta teanga an phobail agus ar dhualgais teanga an státchórais. Cuireann sí seirbhís neamhspleách ardchaighdeáin ar fáil agus comhlíonann sí dualgais reachtúla an Choimisinéara chun comhlíonadh an stáit maidir le cearta teanga a chinntiú.
Is féidir leis an ról mar Oifigeach Cléireachais a bheith éagsúil ag brath ar an eagraíocht, ach tríd is tríd, is éard a bheidh i gceist leis an ról ná tascanna cléireachais/riaracháin.
Tá an t-eolas ar fad faoin bpost, lena n-áirítear na riachtanais cháilitheachta shonracha, le fáil ar www.publicjobs.ie.
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tú ag tosú ar d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”.
Chun d’iarratas a dhéanamh trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a dhéanamh.
Is é 3i.n. Déardaoin an 3 Nollaig 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.
Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
